Tá Gaelscoil Faithleann faoi phatrúnacht Easpag Chiarraí, an tEaspag Ray Browne.
“Aoibheann beatha an scoláire,
Bhíos ag déanamh a léighinn
Is follas díbh, adhaoine,
Gurab dó is aoibhne in Éirinn.”
Is mian linn gur áit í an scoil seo ina mbeadh an focus ar fhorbairt mhórálta, spioradálta fhisiciúil, acadúil, aestéiticiúil agus chultúrtha gach páiste.
Is mian linn é seo a fheisciúnt ag tárlú in atmaisféar chomh-chomaoineach ina mbeadh na daltaí, na múinteoirí, na tuismitheoirí agus baill an bhoird bainistíochta ag obair le Chéile go sásta suas go sabháilte i spiorad mhisniúil dhíograiseach agus iad ag ceiliúradh agus ag glacadh le h-ilghnéitheacht.
Tá súil again go mbeidh na daltaí in ann a rá go raibh sport agus scléip acu agus iad ar scoil. Tá sé mar aidhm i nGaelscoil Faithleann a bhfuil de mhaitheas i ngach páiste a chothú agus a thabhairt chun foirfeachta agus gach páiste a chur ar thóir na maitheasa sa tsaol atá thart air/uirthi.
“Sí teanga bhinn ár sinsear í, an chaint is milse glór”
Toisc gur Gaelscoil í, ta sé mar pholasaí go mbeadh an Ghaeilge i gcónaí i dtimpeallacht an pháiste, go mbeadh sí mar mhodh múinte sa scoil agus mar mheán macnaimh agus cumarsáide. Ins na hardranganna ba choir go mbeadh sé chomh nádurtha dos na daltaí an Ghaeilge a úsáid agus atá sé Béarla a úsáid i dtimpeallacht na scoile.
School Mission Statement
Gaelscoil Faithleann is under the patronage of The Catholic Bishop of Kerry, Bishop Ray Browne.
“Lovely the life of the scholar
Diligently learning
You know well, good people,
His is the sweetest lot in Erin.”
We wish for this school to be a place where the focus remains on developing the moral, spiritual, physical, academic, aesthetic and cultural aspects of each individual pupil.
This we envisage occurring in an atmosphere of mutual respect where all members of the school community; pupils, staff, parents and members of the Board of Management feel happy and secure working in a spirit of encouragement and enthusiasm while recognising and celebrating diversity.
As adults we hope that the children will remember their days at school with happy memories where learning was fun.
Our educational objective at Gaelscoil Faithleann is to foster and bring to perfection what is best in the individual child and to inspire him to pursue what is excellent in the world around him.