Is ‘scoil ghlas’ í Gaelscoil Faithleann, táimid páirteach sa scéim ‘Scoileanna Glasa’ atá á reachtáil ag an Taisce. Tá pobal na scoile ar fad páirteach sa scéim seo agus oibrímid ar fad go dian le cinntiú go bhfuilmid uile ‘glas agus glic’! Tá coiste glas againn le hionadaithe ó ghach rang. Tá múinteoirí agus tuismitheoirí ag cabhrú linn freisin. Buaileann an coiste glas le chéile gach seachtain le cursaí timpeallachta a phlé agus gníomhaíochtaí a phleanáil.

Na Bratacha Glasa: D’éirigh leis an scoil sé bhrat glas a bhaint amach go dtí seo. Táimid anois ag obair i dtreo ár seachtú mbrat.

Tá brat bainte amach againn faoi na téamaí seo:

  1. Bruscar agus Dramhaíl: Déanann muid iarracht ár mbruscar a laghdú, a athúsáid agus a athchursáil ar scoil. Tá bosca athchursáil, múirín agus dubh i ngach seomra.
  2. Fuinneamh: Déanann muid iarracht an fuinneamh a úsáidtear ar scoil a ísliú. Déanann muid cinnte an doras a dhúnadh, múchann muid na soilse agus muid ag fágáil an tseomra agus úsáideann muid solas nádúrtha na gréine nuair is féidir linn. Cinntíonn muid nach bhfuil gléasanna fágtha ar siúl nuair nach bhfuil siad in úsáid.
  3. Uisce: Bíonn muid cliste le huisce. Cinntíonn muid nach bhfuil uisce ag sceitheadh as na scoile agus múchann muid an sconna nuair átáimid críochnaithe leis.
  4. Taisteal: Spreagann muid a chéile le siúl, scútáil nó rothaíocht ar scoil nuair is féidir. Glacann na páistí páirt i gceardlann rothaíochta ar scoil.
  5. Bitheagsúlacht: Bíonn muid ag foghlaim faoi na hainmhithe, pladaí agus gnáthamh atá in Éirinn agus ag iarraidh cur le seo. 6. Saorántacht Dhomhanda agus Bruscar.

Bronnadh ár séú bhrat glas orainn. Rinneamar dul siar ar an obair a bhí déanta ar bhruscar agus drámhaíl le béim nua ar saorántacht dhomhanda- d’fhoghlamíomar faoin tionchar atá againn ar áiteanna eile ar dhomhan. Aithnímid gur féidir linn tionchar dearfach a bheith againn ar ár dtimpeallacht agus freisin ar timpeallacht agus saol daoine i dtíortha eile nuair a thugaimid aire don domhain.

An Seachtú Brat: Saorántacht Dhomhanda agus Fuinneamh: I mbliana táimid ag obair i dtreo brat a seacht faoin téama Saorántacht Dhomhanda agus Fuinneamh chomh maith leis na bratacha atá againn go dtí seo a choinneáil.

  • Rinne an coiste glas iniúchadh ar an fuinneamh atá in usáid againn ar scoil. Tá monaitóireacht leanúnach ar siúl le cinnitiú go bhfuil na soilse múchta, an doras dúnta agus nach bhfuil gléasanna ar siúl.
  • Feachtas Múch ag am Lóin.