I mbliana táimid ar thóir an Brat Gníomhach
Is scoil gníomhach muid agus tabharfaidh an Brat Gníomhach an deis dúinn é sin a cheiliúiradh. Glacann páistí na scoile páirt i réimse leathan spóirt cosúil le peil, iománaíocht, camógaíocht, leadóg, rince gaelach, snámh agus rothaíocht.
An sprioc atá againn i mbliana ná go mbeidh gach dalta in ann 60 nóiméad de ghníomhaíochtaí a dhéanamh gach aon lá
Bhí comórtas againn le teacht ar mana gluaiseachta don scoil. Bhí na hiontráil thar barr. Tá páistí na scoile chomh cruthaíoch!
“Nuair a bhíonn tú aclaí, bíonn gliondar i do chroí”.
Mar chuid den churaclam bunscoile tá 6 snáithe ann. Déanann na páistí 6 cinn acu i rith na bliana. I mbliana chuaigh páistí ó Rang 1 ag snámh. Bhaineamar an-taitneamh as. Tá snámh an éisc againn anois!
Tá an t-ádh dearg linn i nGaelscoil Faithleann go bhfuil áiseanna den chéad scoth againn. Tá halla agus clós breá mhór againn. Bíonn 60 nóiméad gach seachtain corpoideachas ag na leanaí.
Spreagtar páistí de gach ábaltacht páirt a ghlacadh i ngach ceacht corpoideachais, agus chuaigh múinteoirí faoi oiliúint chuí le freastail ar gach riachtanas sa scoil.