Bunaíodh cór i nGaelscoil Faithleann roinnt mhaith blianta ó shin ach tar éis sos ar feadh cúpla bliain i rith Covid, thángamar ar ais i 2023. Cosúil lenár dteanga, ár spórt agus ealaín, is gné an-speisialta agus an-tábhachtach é an ceol i gcultúr na scoile. Tugann an ceol deis do pháistí teacht le chéile chun iad féin a chur in iúl go cruthaitheach agus féin mhuinín a fhorbairt. Cuireann an chór go mór le athmaisféar na scoile, go háirithe ag ócáidí speisialta i rith na bliana. Canaimid ag réimse ócáidí éagsúla – seirbhís carúil na Nollag, Lá na Seantuismitheoirí, an Cóineartú agus an Chéad Chomaoineach. Tá fíor fáilte roimh gach páiste ó Rang 2 suas go Rang 6 a bheith páirteach sa chór. Bíonn cleachtadh againn sa halla gach Céadaoin ó 2:30-3:00.
A choir was established in Gaelscoil Faithleann several years ago but after a break for a few years during Covid, choir returned in 2023. As with our language, sport and art, music is a very special and important element of our school’s culture. Music gives children the opportunity to come together and express themselves creatively and develop self-confidence. The choir greatly enhances the atmosphere in school, especially on special occasions during the year. We sing at a variety of occasions ranging from Christmas carol services, Grandparents Day, Confirmation and First Holy Communion. All pupils from Second – Sixth Class are more than welcome to participate in the choir. We practice in the school hall every Wednesday from 2:30-3:00.